search


interactive GDPR 2016/0679 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2016/0679 GA jump to: cercato: '   agus' . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


index    agus:


whereas    agus:


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 639

 

Airteagal 7

Coinníollacha maidir le toiliú

1.   I gcás ina mbíonn an phróiseáil bunaithe ar thoiliú, beidh an rialaitheoir in ann a thaispeáint gur thug an t-ábhar sonraí toiliú go ndéanfaí a shonraí pearsanta nó a sonraí pearsanta a phróiseáil.

2.   Más i gcomhthéacs dearbhú i scríbhinn a bhaineann le hábhair eile freisin a thugann an t-ábhar sonraí toiliú, déanfar an iarraidh ar an toiliú a chur i láthair ar bhealach soiléir is féidir a dhealú ó na hábhair eile, i bhfoirm intuigthe a bhfuil rochtain shimplí uirthi, agus friotal soiléir simplí á úsáid. Aon chuid den dearbhú arb ionann í agus sárú ar an Rialachán seo agus dar thug an t-ábhar sonraí toiliú, ní bheidh sí ina cheangal.

3.   Beidh sé de cheart ag an ábhar sonraí a thoiliú nó a toiliú a tharraingt siar aon am is mian leis nó léi. Má tharraingítear siar toiliú ní dhéanfar difear do dhlíthiúlacht na próiseála atá bunaithe ar an toiliú sin a tugadh sular tarraingíodh siar é. Sula ndéanfaidh an t-ábhar sonraí toiliú a thabhairt, cuirfear ar an eolas faoin méid sin é nó í. Beidh sé chomh héasca céanna toiliú a tharraingt siar agus a bheidh sé é a thabhairt.

4.   agus measúnú á dhéanamh an bhfuil toiliú tugtha faoi shaoirse, cuirfear san áireamh go huile agus go hiomlán, inter alia, an é an ndéantar comhlíonadh conartha, lena n-áirítear seirbhís a sholáthar, coinníollach ar an toiliú le próiseáil sonraí pearsanta, ar próiseáil í nach bhfuil riachtanach chun an conradh sin a chomhlíonadh.

Airteagal 20

An ceart chun iniomparthacht sonraí

1.   Beidh sé de cheart ag an ábhar sonraí na sonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi a fháil, ar sonraí iad a chuir sé nó sí ar fáil do rialaitheoir, agus an méid sin i bhformáid atá struchtúrtha agus a úsáidtear go coiteann agus atá inléite ag meaisín agus ba cheart a cheadú don ábhar sonraí é a tharchur chuig rialaitheoir eile gan bhacainn ón rialaitheoir ar tugadh na sonraí pearsanta dó, i gcás:

(a)

ina bhfuil an phróiseáil bunaithe ar thoiliú de bhun phointe (a) d'Airteagal 6(1) nó ar phointe (a) d'Airteagal 9(2) nó ar chonradh de bhun phointe (b) d'Airteagal 6(1); agus

(b)

go ndéantar an phróiseáil trí mhodhanna uathoibrithe.

2.   agus an ceart chun iniomparthacht sonraí de bhun mhír 1 á fheidhmiú aige nó aici, beidh sé de cheart ag an ábhar sonraí a chur faoi deara go dtarchuirfear na sonraí pearsanta go díreach ó rialaitheoir amháin go rialaitheoir eile i gcás ina bhfuil sé indéanta go teicniúil.

3.   Is gan dochar d'Airteagal 17 a bheidh feidhmiú an chirt sin dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo. Ní bheidh feidhm ag an gceart sin maidir leis an bpróiseáil sin a bheidh riachtanach chun cúram a chur i gcrích a dhéanfar ar mhaithe le leas an phobail nó i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil atá dílsithe don rialaitheoir.

4.   Ní dhéanfaidh an ceart dá dtagraítear i mír 1 dochar do chearta ná do shaoirsí daoine eile.

Roinn 4

An ceart chun agóid a dhéanamh agus cinnteoireacht aonair uathoibrithe

Airteagal 24

Freagracht an rialaitheora

1.   agus cineál, raon feidhme, comhthéacs agus críocha na próiseála á gcur san áireamh aige, mar aon leis na rioscaí do chearta agus do shaoirsí daoine nádúrtha, ar rioscaí iad a d'fhéadfadh teacht chun cinn agus leibhéal athraitheach déine ag gabháil leo, cuirfidh an rialaitheoir bearta iomchuí teicniúla agus eagraíochtúla chun feidhme le háirithiú agus le bheith in ann a thaispeáint go ndéantar an phróiseáil i gcomhréir leis an Rialachán seo. Déanfar na bearta sin a athbhreithniú agus a thabhairt cothrom le dáta i gcás inar gá.

2.   Áireofar sna bearta dá dtagraítear i mír 1 go gcuirfidh an rialaitheoir beartais iomchuí um chosaint sonraí chun feidhme má tá sin comhréireach i dtaca le gníomhaíochtaí próiseála.

3.   Má chloítear le cóid fhormheasta iompair amhail dá dtagraítear in Airteagal 40 nó le sásraí formheasta deimhniúcháin amhail dá dtagraítear in Airteagal 42, féadfar sin a úsáid mar ghné lena thaispeáint go gcomhlíontar oibleagáidí an rialaitheora.

Airteagal 25

Cosaint sonraí trí dhearadh agus mar réamhshocrú

1.   agus an úrscothacht, an costas a bhaineann le cur chun feidhme agus cineál, raon feidhme, comhthéacs agus críocha na próiseála á gcur san áireamh, mar aon leis na rioscaí do chearta agus do shaoirsí daoine nádúrtha a bhaineann leis an bpróiseáil, ar rioscaí iad a d'fhéadfadh teacht chun cinn agus leibhéal athraitheach déine ag gabháil leo, déanfaidh an rialaitheoir, tráth chinneadh na modhanna chun an phróiseáil a dhéanamh agus tráth na próiseála féin, bearta iomchuí teicniúla agus eagraíochtúla a chur chun feidhme, amhail ainm bréige a chur i bhfeidhm, a cheaptar chun na prionsabail a bhaineann le cosaint sonraí a chur chun feidhme, amhail íoslaghdú sonraí, ar bhealach éifeachtach agus na coimircí is gá a chomhtháthú sa phróiseáil d'fhonn ceanglais an Rialacháin seo a chomhlíonadh agus cearta na n-ábhar sonraí a chosaint.

2.   Cuirfidh an rialaitheoir bearta iomchuí teicniúla agus eagraíochtúla chun feidhme lena áirithiú nach bpróiseáiltear, mar réamhshocrú, ach na sonraí pearsanta sin atá riachtanach i gcás gach cuspóra shonraigh atá leis an bpróiseáil. Tá feidhm ag an oibleagáid sin maidir leis an méid sonraí a bhailítear, an oiread próiseálaa dhéantar orthu, an tréimhse a stóráiltear iad lena linn agus an rochtain atá orthu. Áiritheofar le bearta den sórt sin, go háirithe, nach gcuirfear sonraí pearsanta ar fáil mar réamhshocrú do líon éiginnte daoine nádúrtha gan idirghabháil ón duine aonair.

3.   Féadfar leas a bhaint as sásra formheasta deimhniúcháin de bhun Airteagal 42 mar ghné lena thaispeáint go gcomhlíontar na ceanglais a leagtar amach i mír 1 agus i mír 2 den Airteagal seo.

Airteagal 32

Slándáil na próiseála

1.   agus an úrscothacht, na costais a bhaineann leis an gcur chun feidhme, agus cineál, comhthéacs, raon feidhme agus cuspóirí na próiseála á gcur san áireamh mar aon leis na rioscaí do chearta agus do shaoirsí daoine nádúrtha, ar rioscaí iad a d'fhéadfadh teacht chun cinn agus leibhéal athraitheach déine ag gabháil leo, cuirfidh an rialaitheoir agus an próiseálaí bearta iomchuí teicniúla agus eagraíochtúla chun feidhme chun leibhéal slándála a áirithiú is iomchuí don riosca sin, lena n-áirítear, inter alia, de réir mar is iomchuí:

(a)

ainm bréige a chur i bhfeidhm agus criptiú a dhéanamh i ndáil le sonraí pearsanta;

(b)

an cumas rúndacht leanúnach, sláine, infhaighteacht agus athléimneacht na gcóras agus na seirbhísí próiseála a áirithiú;

(c)

an cumas infhaighteacht agus rochtain ar shonraí pearsanta a athshlánú ar mhodh tráthúil sa chás ina dtarlaíonn teagmhas fisiciúil nó teicniúil;

(d)

próiseas chun tástáil, measúnú agus meastóireacht rialta a dhéanamh ar éifeachtúlacht na mbeart teicniúil agus eagraíochtúil chun slándáil na próiseála a áirithiú.

2.   agus measúnú á dhéanamh ar leibhéal iomchuí slándála, tabharfar aird go háirithe ar na rioscaí a bhaineann leis an bpróiseáil, go háirithe scrios, cailleadh, athrú nó nochtadh neamhúdaraithe sonraí pearsanta a rinneadh a tharchur, a stóráil nó a phróiseáil ar bhealach eile, nó rochtain neamhúdaraithe ar na sonraí sin, bíodh sé sin de thaisme nó neamhdhleathach.

3.   Má chloítear le cód formheasta iompair amhail dá dtagraítear in Airteagal 40 nó le sásra formheasta deimhniúcháin amhail dá dtagraítear in Airteagal 42, féadfar sin a úsáid mar eilimint lena thaispeáint go gcomhlíontar na ceanglais a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo.

4.   Déanfaidh an rialaitheoir agus an próiseálaí bearta lena áirithiú nach ndéanann aon duine nádúrtha atá ag gníomhú faoi údarás an rialaitheora nó an phróiseálaí agus a bhfuil rochtain aige ar shonraí pearsanta na sonraí sin a phróiseáil ach amháin ar threoracha a fháil chuige sin ón rialaitheoir, seachas más gá dó nó di sin a dhéanamh faoi dhlí an Aontais nó faoi dhlí Ballstáit.

Airteagal 39

Cúraimí an oifigigh cosanta sonraí

1.   Beidh na cúraimí seo a leanas ar a laghad ag an oifigeach cosanta sonraí:

(a)

fógra a thabhairt don rialaitheoir nó don phróiseálaí agus do na fostaithe a dhéanann an phróiseáil, agus comhairle a chur orthu siúd chomh maith, faoi na hoibleagáidí atá orthu de bhun an Rialacháin seo agus de bhun dlí eile de chuid an Aontais um chosaint sonraí nó de bhun fhorálacha eile Ballstáit um chosaint sonraí;

(b)

faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh an Rialacháin seo, ar chomhlíonadh dlí eile de chuid an Aontais um chosaint sonraí nó ar chomhlíonadh fhorálacha eile Ballstáit um chosaint sonraí, agus ar chomhlíonadh bheartais an rialaitheora nó an phróiseálaí maidir le cosaint sonraí pearsanta, lena n- freagrachtaí a shannadh, cur leis an bhfeasacht agus oiliúint a chur ar chomhaltaí foirne atá bainteach le hoibríochtaí próiseála, agus maidir leis na hiniúchtaí gaolmhara;

(c)

comhairle a thabhairt nuair a iarrtar sin air maidir leis an measúnú tionchair ar chosaint sonraí agus faireachán a dhéanamh ar a fheidhmíocht de bhun Airteagal 33;

(d)

comhoibriú leis an údarás maoirseachta; agus

(e)

gníomhú mar an pointe teagmhála don údarás maoirseachta i dtaobh saincheisteanna a bhaineann leis an bpróiseáil, lena n-áirítear an réamhchomhairliúchán dá dtagraítear in Airteagal 36, agus dul i gcomhairle, i gcás inarb iomchuí, maidir le haon ábhar eile.

2.   agus a chúraimí nó a cúraimí á ndéanamh ag an oifigeach cosanta sonraí, tabharfaidh sé nó sí aird chuí ar na rioscaí a bhaineann le hoibríochtaí próiseála, agus cineál, raon feidhme, comhthéacs agus críocha na próiseála á gcur san áireamh.

Roinn 5

Cóid iompair agus deimhniú

Airteagal 45

Aistrithe ar bhonn cinneadh leordhóthanachta

1.   Féadfar sonraí pearsanta a aistriú go tríú tír nó go heagraíocht idirnáisiúnta i gcás ina mbeidh cinneadh déanta ag an gCoimisiún go n-áirithíonn tríú tír, an críoch nó an earnáil shonraithe, laistigh den tríú tír sin, nó an eagraíocht idirnáisiúnta atá i gceist, go bhfuil leibhéal leordhóthanach cosanta ar fáil. Ní gá aon údarú sonrach a fháil i gcás aistriú den sórt sin.

2.   agus a leordhóthanaí atá an leibhéal cosanta á mheas ag an gCoimisiún cuirfidh sé na nithe seo a leanas, go háirithe, san áireamh:

(a)

an smacht reachta, an urraim do chearta an duine agus na saoirsí bunúsacha, reachtaíocht ábhartha, idir ghinearálta agus earnálach, lena n-áirítear i ndáil leis an tslándáil phoiblí, cosaint, an tslándáil náisiúnta agus an dlí coiriúil agus rochtain na n-údarás poiblí ar shonraí pearsanta, maille le cur chun feidhme na reachtaíochta seo, rialacha um chosaint sonraí, rialacha gairmiúla agus bearta slándála, lena n-áirítear rialacha maidir le sonraí pearsanta a aistriú ar aghaidh go tríú tír eile nó go heagraíocht idirnáisiúnta eile, ar rialacha iad atá á gcomhlíonadh sa tír sin nó san eagraíocht idirnáisiúnta sin, an cásdlí, chomh maith le cearta éifeachtacha in-fhorfheidhmithe a bheith ar fáil d'ábhair sonraí agus sásamh éifeachtach riaracháin agus breithiúnach do na hábhair sonraí agus a bhfuil a sonraí pearsanta á n-aistriú;

(b)

ceann amháin nó níos mó d'údaráis neamhspleácha mhaoirseachta a bheith sa tríú tír agus é/iad ag feidhmiú go maith nó a mbeidh eagraíocht idirnáisiúnta faoina réir agus é mar fhreagracht orthu a áirithiú go bhfuil na rialacha maidir le cosaint sonraí á gcomhlíonadh agus á bhforfheidhmiú, lena n-áirítear cumhachtaí iomchuí forfheidhmithe chun comhairle a chur ar na hábhair sonraí agus cúnamh a thabhairt dóibh chuige sin, agus chun comhar a áirithiú le húdaráis mhaoirseachta an Aontais agus na mBallstát;

(c)

na tiomantais idirnáisiúnta atá glactha ag an tríú tír nó ag an eagraíocht idirnáisiúnta lena mbaineann, nó oibleagáidí eile a eascraíonn as coinbhinsiúin nó ionstraimí atá ceangailteach ó thaobh an dlí de agus óna rannpháirtíocht i gcórais réigiúnacha nó i gcórais iltaobhacha, go háirithe a bhaineann le sonraí pearsanta a chosaint.

3.   Tar éis dó leordhóthanacht leibhéal na cosanta a mheas, féadfaidh an Coimisiún a chinneadh, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, go n-áirithítear i dtríú tír, i gcríoch nó in earnáil shonraithe amháin nó níos mó i dtríú tír, nó in eagraíocht idirnáisiúnta, go bhfuil leibhéal cosanta leordhóthanach inti laistigh de réir bhrí mhír 2 den Airteagal seo.Forálfar, leis an ngníomh cur chun feidhme, do shásra chun athbhreithniú tréimhsiúil a dhéanamh, ar a laghad uair amháin gach ceithre bliana, ina gcuirfear san áireamh na forbairtí ábhartha uile sa tríú tír sin nó san eagraíocht idirnáisiúnta sin. Sa ghníomh cur chun feidhme, sonrófar cur i bhfeidhm críochach agus earnálach an ghnímh, agus, i gcás inarb infheidhme, ainmneofar an t-údarás maoirseachta nó na húdaráis mhaoirseachta dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 2 den Airteagal seo. Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 93(2).

4.   Déanfaidh an Coimisiún, ar bhonn leanúnach, faireachán ar fhorbairtí i dtríú tíortha agus in eagraíochtaí idirnáisiúnta a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar an gcaoi a bhfheidhmeodh na cinntí a ghlactar de bhun mhír 3 den Airteagal seo agus na cinntí a ghlactar ar bhonn Airteagal 25(6) de Threoir 95/46/CE.

5.   Sa mhéid is gá, cinnfidh an Coimisiún, i gcás ina léireoidh an fhaisnéis atá ar fáil, go háirithe tar éis an athbhreithnithe dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, nach n-áirithítear a thuilleadh leibhéal leordhóthanach cosanta i dtríú tír, i gcríoch ná in earnáil shonraithe sa tríú tír sin, ná in eagraíocht idirnáisiúnta, de bhrí mhír 2 den Airteagal seo, a mhéid is féidir, déanfaidh sé an cinneadh dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo a aisghairm, a leasú nó a chur ar fionraí trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme gan éifeacht chúlghabhálach a bheith aige. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 93(2).

Ar mhórchúiseanna prainne a bhfuil bonn cirt cuí leo, déanfaidh an Coimsiún gníomhartha cur chun feidhme atá infheidhme láithreach i gcomhéir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 93(3).

6.   Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis an tríú tír nó leis an eagraíocht idirnáisiúnta féachaint an bhféadfaí an méid ba chúis leis an gcinneadh a rinneadh de bhun mhír 5 seo a leigheas.

7.   Is gan dochar a bheidh cinneadh de bhun mhír 5 den Airteagal seo d'aistrithe sonraí pearsanta go dtí an tríú tír, go dtí an chríoch nó go hearnáil shonraithe amhain nó níos mó laistigh den tríú tír sin, nó go dtí an eagraíocht idirnáisiúnta de bhun Airteagal 46 go hAirteagal 49.

8.   Déanfaidh an Coimisiún liosta a fhoilsiú, in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus ar a shuíomh gréasáin, de na tríú tíortha, de na críocha agus de na hearnálacha sonraithe i dtríú tír agus de na heagraíochtaí idirnáisiúnta ar chinn an Coimisiún ina leith go raibh nó nach raibh a leibhéil chosanta leormhaith.

9.   Beidh feidhm ag cinntí arna nglacadh ag an gCoimisiún ar bhonn Airteagal 25(6) de Threoir 95/46/CE go dtí go ndéanfar iad a leasú, a ionadú nó a aisghairm le Cinneadh ón gCoimisiún arna nglacadh i gcomhréir le mír 3 nó mír 5 den Airteagal seo.

Airteagal 52

Neamhspleáchas

1.   agus a chúraimí á gcomhlíonadh aige agus a chumhachtaí á bhfeidhmiú aige i gcomhréir leis an Rialachán seo, gníomhóidh gach údarás maoirseachta ar shlí a bheidh go hiomlán neamhspleách.

2.   Comhalta nó comhaltaí de gach údarás maoirseachta, beidh siad saor i gcónaí ó thionchar seachtrach, idir thionchar díreach agus indíreach, nuair a bheidh na cúraimí atá orthu á gcomhlíonadh acu agus nuair a bheidh na cumhachtaí atá acu á bhfeidhmiú acu i gcomhréir leis an Rialachán seo, agus ní iarrfaidh siad ná ní ghlacfaidh siad treoracha ó aon duine.

3.   Staonfaidh comhalta nó comhaltaí gach údaráis mhaoirseachta ó aon ghníomh nach luíonn lena ndualgais agus ní ghabhfaidh siad d'aon slí bheatha nach luíonn leis na dualgais sin le linn a dtéarma oifige, bíodh sí sochrach nó neamhshochrach.

4.   Áiritheoidh gach Ballstát go gcuirfear acmhainní daonna, teicniúla agus airgeadais, an t-áitreabh agus an bonneagar atá de dhíth ar an údarás maoirseachta ar fáil do gach údarás acu chun a chúraimí a chomhlíonadh agus a chumhachtaí a fheidhmiú go héifeachtach, lena n-áirítear na cúraimí agus na cumhachtaí sin nach mór a chur i gcrích i gcomhthéacs an chúnaimh fhrithpháirtigh agus an chomhair agus i gcomhthéacs rannpháirtíochta ar an mBord.

5.   Áiritheoidh gach Ballstát go mbeidh a fhoireann féin ag gach údarás maoirseachta, arna roghnú aige féin, ar foireann í a bheidh faoi réir stiúradh ag comhalta nó comhaltaí an údaráis mhaoirseachta lena mbaineann.

6.   Áiritheoidh gach Ballstát go mbeidh gach údarás maoirseachta faoi réir rialú airgeadais nach ndéanann difear dá neamhspleáchas agus áiritheoidh siad go bhfuil buiséad poiblí bliantúil ar leith ag gach údarás maoirseachta, buiséad a fhéadfaidh a bheith mar chuid de bhuiséad foriomlán an stáit nó den bhuiséad foriomlán náisiúnta.


whereas

dal 2004 diritto e informatica